Cirriculum
Home Curriculum Irish

Irish 

Seachtain na Gaeilge

Beidh Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ar fud na tíre ón 5ú go dtí 17ú Márta. Is seachtain ar leith í Seachtain na Gaeilge i saol na scoile anseo i Scoil an Chroí Naofa. I mbliana beidh daltaí na hidirbhliana agus an múinteoir Gaeilge Ms Farrell ag eagrú imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge. Beidh comórtas speisialta ar siúl idir na daltaí sa chéad bliain agus iad siúd sa dara bhliain. Beidh ar na daltaí na pasáistí a mhaisiú le póstaeirí, pictiúir agus frásaí i nGaeilge. Ní hamháin sin ach beimid ag eagrú tráth na gceist freisin - arís ceann do lucht an chéad bliain agus ceann eile don dara bhliain. Tá duiseanna iontacha le buachaint!!


Beidh an-spórt agus spraoi ag gach éinne a ghlacann páirt sna himeachtaí seo agus cinnte beidh seans acu an Ghaeilge a chleachtadh.
Tá súil againn go ndéanfaidh gach duine iarracht an Ghaeilge a úsáid i rith Seachtain na Gaeilge. Is féidir Gaeilge a labhairt le do chairde, is féidir í a labhairt sa bhaile, ar scoil nó fiú i do shiopa áitiúil.
Ta cúpla focal ag gach duine agus mar a dúirt Padraig Mac Piarais “beatha teanga í a labhairt”.
Go n-eirí leat.

Ná déan dearmad féachaint ar an BLOG:

www.idirbhliain2009.blogspot.com